Statement by President Michael D. Higgins on the death of Mícheál Ó Muircheartaigh

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh

“Beidh ceangal go brách inár gcuimhne idir Mícheál Ó Muircheartaigh, agus go speisialta a ghlór so-aitheanta, agus cuid de na cluichí ab iontaí riamh i stair CLG. Is iontach go deo an oidhreacht atá fágtha le huacht ag Mícheál Ó Muircheartaigh, lena Ghaeilge bhinn a thug brí agus beocht do na cluichí Gaelacha.
Is iomaí cluiche a mhaireann i gcuimhne na ndaoine de bharr a chuid tráchtaireachta seachas an imirt féin ar an bpáirc. Rinne Micheál cluiche eipiciúil as gach cluiche, agus thug a thráchtaireacht leis tábhacht na hócáide, an t-atmaisféar sa staid nó sna hardáin, tuile agus tráth na himeartha agus gach nóiméad de chluichí, ar bhealach nach ndéanfadh aon duine eile.

Thug a stór céadach eolais ar imreoirí, a gclubanna, a muintir agus a ngaolta, a chur amach ar gach paróiste agus gach baile fearainn fud fad na tíre, léargas fíoreisceachtúil don éisteoir agus don lucht féachana.

Thar tréimhse 61 bliain ba gan stró a chruthaigh a ghlór ar leith pictiúir dúinn, a thráchtaireacht ag méadú ár ndúil sa mbua nó sa chliseadh ach a bhí, thar aon ní eile, lán le teannas, sceitimíní agus gliondar croí.

Agus an micreafón curtha ar leataobh aige, bhí Micheál lán le cineáltas agus le greann dóite, fear a mbeidh cuimhne gheanúil ag a chomhghleacaithe air, le cois a iardhaltaí agus iadsan ar fud na tíre agus i measc na nGael thar sáile a bhain oiread sin sásaimh as a chuid tráchtaireachtaí gach deireadh seachtaine.

Mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge bhí sé gníomhach i saol na Gaeilge agus thaistil sé ar fud na tíre ag cur gach gné den teanga chun cinn. Is cuimhneach liom a bheith ag smaoineamh ar na turais fhada a rinne sé ar ais chuig a fhód dúchais i gCiarraí.

Is mian liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann agus dá iliomad cairde.

Statement by President Michael D. Higgins on the death of Mícheál Ó Muircheartaigh